Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ó Áras an Uachtaráin

Dáta: Déa 29th Fea, 2024 | 23:06

Dearbhaíonn Áras an Uachtaráin gur aistríodh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn go dtí an ospidéal tráthnóna inniu do thástálacha réamhchúraim.

Rinneadh measúnú ar an Uachtarán níos luaithe sa lá in Áras an Uachtaráin, agus cé nár aithníodh aon chúis imní, beartaíodh dul go dtí an ospidéal ar mhaithe le tástálacha breise a dhéanamh, a bhfuil torthaí dearfacha acu go dtí seo. 

Tá an tUachtarán, a fhanfaidh san ospidéal thar oíche, in ardghiúmar agus tá sé an-bhuíoch don fhoireann leighis as an gcúram ar fad a fuair sé.