Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ó Áras an Uachtaráin – Ionsaithe i bPáras

Dáta: hAo 13th Sam, 2015 | 09:20

Dúirt an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn tráthnóna,

"Baineadh suaitheadh asam nuair a chuala mé faoi na heachtraí uafásacha a tharla i bPáras tráthnóna agus nuair a chonaic mé na híomhánna.

Ar son mhuintir na hÉireann agus ar mo shon féin, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do mhuintir na Fraince tríd an Uachtarán Hollande faoin gcaillteanas beatha ainnis seo agus faoin ngortú millteanach.

Táimid ag smaoineamh ar mhuintir na Fraince agus na heachtraí seo ag tarlú”.

Labhair an tUachtarán Ó hUiginn le hAmbasadóir na Fraince i mBaile Átha Cliath agus chásaigh sé na heachtraí leis agus d’iarr sé go gcuirfí a theachtaireacht ar son mhuintir na hÉireann ar aghaidh chuig an Uachtarán Hollande.