Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ó Áras an Uachtaráin, Aerárthach Malaeisiach, 19 Iúil 2014

Dáta: Sat 19th Iúi, 2014 | 13:57

Tá an ráiteas comhbhróin seo a leanas eisithe ag an Uachtarán Higgins thar ceann mhuintir na hÉireann tar éis do 298 duine bás a fháil nuair a leagadh eitleán Malaeisiach san Úcráin Déardaoin.

Dúirt an tUachtarán inniu, “Tá an-bhrón orm a chloisteáil gur bhásaigh an oiread sin daoine i dtuairt eitleáin san Úcráin Déardaoin agus ba mhaith liom comhbhrón ó chroí mhuintir na hÉireann a chur in iúl do na teaghlaigh agus na pobail go léir a ngoilleann an tragóid orthu. Táim tar éis scríobh go díreach chuig Rí Willem-Alexander na hÍsiltíre chun comhbhá mhuintir na hÉireann ar bhás an oiread sin saoránach Dúitseach sa tragóid uafásach seo a chur in iúl. Ba mhaith liom, freisin, mo chomhbhrón a chur in iúl do na teaghlaigh Mahady agus Byrne as a mbris le bás Edel Mahady a bhí ina paisinéir ar an eitilt agus a bhí sa bhaile ar cuairt agus ag tabhairt aire dá máthair.

Tá scéalta pearsanta na ndaoine sin a bhásaigh an-chorraitheach, agus ina measc bhí roinnt mhaith paisinéirí a bhí ar a mbealach chuig an Chomhdháil idirnáisiúnta SEIF (AIDS) in Melbourne. Nuair atá iarmhairtí teip na caismirte agus an fhoréigin a réiteach sa bhealach romhainn, is géar an rud é smaoineamh ar neamhleithleas agus altrúchas iad siúd a chaith a saol le cúram daoine eile agus a thug faoi cheann de dhúshláin mhóra an chine daonna agus an leighis a réiteach.”