Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ó Áras an Uachtaráin – Ocht nGradam ‘Tony’ faighte ag an gCeoldráma “Once”

Dáta: Dom 3rd Mei, 2012 | 15:52

Dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins inniu;

“Tá an-áthas orm gur bronnadh ocht nGradam ‘Tony’ ar an gCeoldráma “Once”, a chumascann ceol Glen Hansard le scríobh Enda Walshe. Tar éis dom an seó a fheiceáil an mhí seo caite, níl aon iontas orm go bhfuil moladh chomh hard sin faighte aige ó na léirmheastóirí.

Is eiseamláir eile atá anseo den chaoi ar údar mórtais dúinn ar an stáitse idirnáisiúnta iad ealaíontóirí na hÉireann. Déanaim comhghairdeas le gach duine atá bainteach leis an gceoldráma, go háirithe le Glen, Enda agus leis an bhfoireann iontach.”