Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ó Áras an Uachtaráin ar ócáid chuairte Daw Aung San Suu Kyi

Dáta: Lua 18th Mei, 2012 | 15:49

Bhuail an tUachtarán Michael D Higgins le Daw Aung San Suu Kyi in Áras an Uachtaráin tráthnóna. Ina dhiaidh sin, dúirt an tUachtarán Higgins,

“Bhí an-áthas orm, mar Uachtarán ar Éirinn, an deis seo a bheith agam fáilte a chur roimh Daw Aung San Suu Kyi chuig Áras an Uachtaráin, agus í ag cur síos ar na dúshláin atá roimpi anois. Chuir mé fáilte chroíúil mhuintir na tíre seo agus an meas atá ag an muintir sin uirthi in iúl di agus rinne mé comhghairdeas léi as Duais Nobel na Síochána, a bhuaigh sí in 1991, a bheith á bronnadh uirthi ar deireadh, agus thug mé chun cuimhne gur bronnadh Saoirse Bhaile Átha Cliath uirthi in 2000 agus Saoirse na Gaillimhe in 2005.

Le linn ár gcruinnithe, mheabhraigh mé di gur ábhar a sheol Michael Aris, fear céile Daw Suu Kyi nach maireann, a thug an cás chun m’aire in 1989. Ba é sin an bunús lena cás, agus cás mhuintir Burma, a ardú agus a leanúint san Oireachtas i ndeireadh 1989 agus trí 1991 agus na blianta a lean. Tá suim ghéar phearsanta agam fós in iarrachtaí Daw Suu Kyi ó shin i leith agus mé ar dhuine den phobal idirnáisiúnta a bhfuil fáilte curtha againn lena saoirse chun a bheith rannpháirteach i saol polaitiúil a muintire agus freagairt dó.

Ghuigh mé gach rath ar Daw Suu Kyi ina cuairt ar Éirinn agus ina cuid oibre tábhachtaí ar mhaithe le muintir Burma, a bhfuil tacaíocht iomlán mhuintir na hÉireann aige.”