Ráiteas ó Áras an Uachtaráin – Bua Jason Smyth – 20 Lúnasa 2014
Dáta: Céa 20th Lún, 2014 | 12:53
Dúirt an tUachtarán Higgins inniu, “Ba mhaith liom feabhas a éachta ag Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta na hEorpa de chuid an IPC in Abertawe inné a thréaslú le Jason Smyth. Tá Jason fós ag spreagadh agus ag gríosú lúthchleasaithe na hÉireann agus iad in iomaíocht ar gach leibhéal. Guím gach rath ar Jason agus a chomhghleacaithe foirne in Abertawe sna laethanta amach romhainn. ”