Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Harry Gleeson

Dáta: Sat 19th Nol, 2015 | 11:19

Tar éis cinntí an Rialtais ag cruinnithe ar an 31 Márta agus an 16 Nollaig, 2015, tá an tUachtarán, ar chomhairle ón Rialtas, tar éis pardún iarbháis a thabhairt don Uasal Harry Gleeson maidir lena chiontú ar an 27 Feabhra, 1941, agus dá reir sin loghtar go hiomlán an phianbhreith a gearradh air amhail is nár cúisíodh agus nár ciontaíodh é.

Dearbhaíonn an pardún atá sínithe ag an Uachtarán:

“Tugaimse, Mícheál D. Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann, ar chomhairle ón Rialtas, pardún anois do Harry Gleeson réamhluaite maidir leis an gciontú sin réamhráite, agus déanaim an phianbhreith a gearradh air a loghadh amhail is nár cúisíodh agus nár ciontaíodh é.”