Ráiteas ó Áras an Uachtaráin – Ollscoil Berkeley
Dáta: Mái 16th Mei, 2015 | 14:29
Ar chloisteáil dó faoin tragóid in Ollscoil Berkeley, agus é ar cuairt oifigiúil chuig an Iodáil, dúirt an tUachtarán Higgins,
“Chuala mé le dobrón faoi bhás tragóideach na nÉireannach óg agus faoin drochbhail atá ar chuid eile díobh i mBerkeley, California inniu.
Tá an-trua agam do chlanna agus do mhuintir na ndaoine a bhí páirteach sa tragóid seo. Cuireadh ar an eolas mé faoin gcúnamh atá á sholáthar ag an gconsalacht chun cabhrú leis na clanna atá i gceist, agus táim tar éis iarraidh go gcoinneofaí ar an eolas mé de réir mar atá tuilleadh sonraí ag teacht chun cinn.”