Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ó Áras an Uachtaráin

Dáta: Déa 1st Bea, 2014 | 14:12

Rinne an tUachtarán Higgins cur síos ar a gcruinniú mar cheann a bhí “cairdiúil, torthúil agus praiticiúil”.

I measc gnéithe eile, rinne an tUachtarán agus an Méara plé ar leasú ar an inimirce agus ar cheisteanna a bhfuil tionchar acu ar an 50,000 saoránach Éireannach measta atá gan cáipéisí inimirce sna Stáit Aontaithe. Rinne siad plé chomh maith ar Thuaisceart Éireann, deich mbliana na gcomórthaí agus an chuairt ar an Ríocht Aontaithe le gairid.

Bhain cuid mhaith den phlé le cultúr; go sonrach, pleananna ag Institiúid Ealaíne Chicago le taispeántas mór réad Éireannach a chur ar bun, atá le hoscailt ar an 17 Márta 2015, agus imeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar bun i Chicago chun comóradh a dhéanamh ar 1916.

Leanfaidh dara cuairt oifigiúil an Uachtaráin ar na Stáit Aontaithe amárach nuair a bhronnfar céim Dochtúra Onórach sa Léann Daonnachtúil air óna alma mater Ollscoil Indiana i Bloomington.

Chun sonraí chuairt an Uachtaráin ar an Meán-Iarthar a fháil, féach anseo