Ráiteas ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó Uiginn, ar bhás Colm Ó Briain
Dáta: Déa 30th Iúi, 2020 | 20:08
“Is cúis mhór bróin dom a chloisteáil faoi bhás Colm Ó Briain.
“Bhí Colm Ó Briain ina chomhairleoir dom sa tréimhse 1993-1997 nuair a bhí mé i m’Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. Ní raibh sa mhéid a rinne Colm an t-am sin, áfach, ach cuid amháin dá sheirbhís fhada agus den chéad scoth do na healaíona agus don oideachas ealaíon in Éirinn, agus ar bhonn uile-oileáin.
“Stiúrthóir iontach, thuig sé go domhain chomh tábhachtach agus a bhí an drámaíocht agus an amharclannaíocht. Bhí sé bainteach le go leor de na móimintí agus na gluaiseachtaí bunaithe de na healaíona, lena n-áirítear an Project Arts Centre. Bhí sé ina Stiúrthóir céimiúil ar an gComhairle Ealaíon.
“Bhí Colm bainteach leis na tuarascálacha speisialta ar fad a réitíodh i rith mo chuid ama mar Aire agus bhí a thaithí, a dhíograis, agus a thiomantas daingean do na cleachtóirí agus do na healaíona mar bhunús leo ar fad. Chuir sé le gach gné den Roinn, ar Roinn nua agus spleodrach a bhí ann ag an am.
“Aireoidh mé uaim go mór é mar chomhghleacaí agus mar chara. Seolann Saidhbhín agus mé féin ár gcomhbhrón ó chroí chuig Muireann agus a iníonacha Seóna agus Aisling.
“Aireoidh go leor daoine uathu go mór é ag am atá ríthábhachtach do na healaíona.”