Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas do Lá Domhanda an Raidió, 2020

Dáta: Céa 12th Fea, 2020 | 16:23

“Gach bliain ar an 13 Feabhra, iarrtar orainn Lá Domhanda an Raidió a chomóradh agus tábhacht an raidió a chur i gcuimhne dúinn féin.

Cé go bhfuil teicneolaíocht an raidió go maith os cionn céad bliain ar an bhfód, tá craoladh raidió fós ar cheann de na bealaí is mó a bhfuil tóir air agus is éifeachtaí chun eolas a mhalartú, idirghníomhaíocht shóisialta a sholáthar, agus an t-eolas agus na luachanna atá riachtanach i gcomhair sochaithe comhtháite a chur chun cinn.

Cuireann ár stáisiúin raidió áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta faisnéis ríthábhachtach faoinár saol le chéile ar fáil dúinn, agus cuireann raidió teacht ar fhaisnéis agus ar anailís ar ár sochaí ar fáil, chomh maith le hardán a chuir ar fáil le haghaidh éagsúlacht bhreá barúlacha agus tuairimí éagsúla a mbíonn fáilte rompu.

Inniu, ar Lá Domhanda an Raidió, déanaimis ceiliúradh ar chumhacht agus ar áilleacht an fhocail labhartha agus déanaimis iarracht cumas an raidió ár saoránaigh go léir a chumasú a mholadh. 

Mar is é cumas an raidió pobail a thabhairt le chéile agus comhrá dearfach a chothú arb iad is cúis leis a bheith ina chuid ríthábhachtach dár sochaí – ceann ar fiú í a cheiliúradh.”