Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ar Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht de chuid na NA

Dáta: Lua 10th Fea, 2020 | 21:39

“Tugann ainmniúchán Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht ag na Náisiúin Aontaithe deis le haird a tharraingt ar an ngá leanúnach atá ann dul i mbun gnímh lena chinntiú go gcloistear guthanna na mban agus na gcailíní i saol na heolaíochta.

Ón mbliain 2015 i leith, nuair a d’aontaigh ceannairí domhanda na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chuir béim ar thábhacht an oideachais, an chomhionannais inscne agus an bhonneagair chuimsithigh,  tá dul chun cinn suntasach déanta sa domhan i spreagadh agus i mealladh ban agus cailíní san Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus sa Mhatamaitic (STEM).

Ag an am céanna, tá bearna inscne fós ann: tá níos lú ná 30% de na taighdeoirí ar domhan ina mná agus roghnaíonn níos lú ná aon tríú de mhic léinn bhaineannacha réimse staidéir atá bainteach le STEM san ardoideachas.  

Ar an lá seo atá ainmnithe ag na NA, cuirimis i gcuimhne dúinn féin an gá atá ann cruthaitheacht agus nuálaíocht na mban agus na gcailíní a chur chun tairbhe trí infheistiú a dhéanamh in oideachas agus i dtaighde cuimsitheach STEM agus trí chonairí gairme a struchtúrú san eolaíocht agus sa teicneolaíocht nach gcoinníonn mná agus cailíní amach ag am ar bith dá ngairmréim.  

Agus inniu, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht , déanaimis ceiliúradh ar an tairbhe a thagann as éagsúlacht inscne níos mó, ní hamháin sa taighde agus san eolaíocht, ach i ngach gné den tsochaí.”