Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cruinniú ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus Saidhbhín Uí Uigínn lena Morgachtaí Ríoga Diúc agus Bandiúc Cambridge

Dáta: Mái 3rd Már, 2020 | 16:11

Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus a bhean chéile Saidhbhín fáilte inniu roimh a Mórgachtaí Diúc agus Bandiúc Cambridge chuig Áras an Uachtaráin.

Phléigh na lánúineacha an ceangal dlúth idir muintir na hÉireann agus na Breataine agus an tábhacht leis an gcaidreamh dlúth idir pobail éagsúla na nOileán seo a dhoimhniú agus a bhuanú.

Labhair an tUachtarán Ó hUigínn, Saidhbhín agus a Mórgachtaí faoi na dúshláin amach romhainn, impleachtaí imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach san áireamh, agus an tábhacht le leanúint ag tógáil ar bhonn Chomhaontú Aoine an Chéasta. 

Phléigh siad, freisin, dúshláin dhomhanda an athraithe aeráide agus chaillteanas na bithéagsúlachta agus an gá práinneach le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhuntosca na slí ina ndéanaimid ár ngeilleagar agus ár sochaí a riar, má táimid le dul i ngleic leis na bagairtí eiseacha ar bhealach ciallmhar.

I measc na n-ábhar eile a pléadh bhí an tábhacht le deireadh a chur le constaicí a bhíonn i mbealach daoine óga agus iad ag iarraidh a scileanna a fheabhsú agus a n-uaillmhianta a fhíorú chun domhan cothrom agus inbhuanaithe a bhaint amach, agus go háirithe an tábhacht a bhaineann le déileáil le leochaileacht daoine óga.

 

Ba é an cruinniú in Áras an Uachtaráin an tríú huair a bhuail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus Saidhbhín Uí Uigínn le Diúc agus Bandiúc Cambridge. Bhuail siad lena chéile sa Bheilg i mí Lúnasa 2014 ag comóradh céad bliain thús an Chéad Chogaidh Dhomhanda, agus i mí Iúil 2016 ag imeacht a rinne comóradh céad bliain ar Chath an Somme.