Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas tar éis cruinniú déthaobhach le hUachtarán Mhálta George Vella

Dáta: Déa 12th Bea, 2022 | 14:50

Is cúis mhór áthais í dom an Chuairt Stáit seo chun Mhálta a dhéanamh, an chéad Chuairt Stáit dá leithéid ag Uachtarán na hÉireann ó bhí 2006 ann. Is mian liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil leis an Uachtarán Miriam Vella, as an bhfáilte chroíúil a tugadh dom féin, do mo bhean Saidhbhín agus do mo thoscaireacht an tseachtain seo.

Bhuail mé féin agus an tUachtarán Vella le chéile cúpla uair roimhe seo, an uair is deireanaí ná ag cruinniú de chuid Ghrúpa Arraiolos na nUachtarán Eorpacha neamhfheidhmiúchán sa Róimh an Fómhar seo caite, agus tá ríméad orm go mbeidh an deis agam tuilleadh athnuachana a dhéanamh ar ár gcairdeas inniu.

Tá lúchair orm freisin go mbeidh an Heather Humphreys TD, an tAire Coimirce Sóisialaí agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail mar Aire tionlacain thar ceann Rialtas na hÉireann.

Inár gcomhrá inniu, bhí an deis ag an Uachtarán Vella agus agam féin plé a dhéanamh ar na dúshláin éagsúla atá os ár gcomhair amach ag an bpointe cinniúnach seo.

Roinneann Éire agus Málta go leor eispéireas stairiúil ó oidhreacht chultúrtha ársa tríd an tréimhse choilíneach, an troid ar son an neamhspleáchais agus anois mar chomhbhaill den Aontas Eorpach agus de na Náisiúin Aontaithe.

Leagtar béim ar an ngéarchéim athraithe aeráide sna figiúirí is déanaí ón Eagraíocht Meitéareolaíochta Domhanda. Taispeántar anois go bhfuil freagracht shuntasach orainn anois le gníomhú: cás morálta, sóisialta agus eacnamaíoch le spriocanna a athrú go gníomhaíocht phráinneach. Níl aon dabht ann a thuilleadh faoin eolaíocht. Is géarchéim maireachtála anois í, do chearta daonna, do chóir agus do chosaint ár saoránach.

San am atá i láthair, is cinnte go bhfuilimid airdeallach faoin uafás leanúnach atá ag titim amach i gcogadh na hÚcráine. Caithfear deireadh a chur le cailliúint na saolta, na dteach agus na réadmhaoine. Luaigh mé cheana i litir chuig an Uachtarán Vella agus ár gcomhbhaill sa Ghrúpa Arraiolos go mbeidh ról lárnach ag tíortha neodracha, Éire agus Málta ina measc, le réiteach a aimsiú ar an ngéarchéim uafásach seo.

Tá scáthantacht dár ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine le feiceáil sa tacaíocht dhaonnúil a chuirimid ar fáil do theifigh. Leanfaidh Éire ag obair as lámha a chéile lenár bpairtnéirí Eorpacha le tacú leo siúd atá ag lorg tearmainn ó chogadh. Fáiltím roimh ghníomhachtán Threoir um Chosaint Shealadach an AE mar ghníomh tábhachtach leis na daoine a d’éalaigh óna dtithe ag an gcoimhlint seo.

Níos leithne ná sin, táim bródúil as Óglaigh na hÉireann ag traenáil beagnach caoga delta Mháltacha in Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann sa Churrach in Éirinn. Chonaiceamar freisin imlonnú phearsanra Fhórsaí Armtha Mhálta mar chuid de Chathlán na hÉireann ar Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (FENAL).

Ar an gcaoi chéanna, bhí áthas orm a chloisteáil faoin bhfiontar comhoibrithe a leanann go fóill idir ár bpóilíní, An Garda Síochána, agus a macasamhail anseo i Málta.

Bhí an-bhród ar Éirinn seilbh a ghlacadh ar Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh in 2004 nuair a ghlac Málta ballraíocht san Aontas. Is deis í ár mballraíocht roinnte san AE dúinn comhoibriú lena chéile agus feidhmíonn sí freisin mar bhunchloch don dul chun cinn agus don fhorbairt atá déanta againn beirt ó glacadh linn mar Bhaill.

I bhfianaise na ndúshlán mór a bhí os ár gcomhair amach le blianta beaga anuas, creidim go dtuigimid beirt go bhfuilimid ag teacht le chéile ag am cinniúnach i stair an Aontais Eorpaigh.

Thug Comhdhail ar Thodhchaí na hEorpa an deis shárluachmhar do shaoránaigh trasna na hEorpa lena machnamh a dhéanamh ar cá bhfuilimid mar Aontas, agus níos tábhachtaí fós, cén Aontas ar mhaith linn a bhaint amach agus na tosaíochtaí ar chóir a bheadh ann. Tá clár náisiúnta na hÉireann bunaithe ar ár ndea-theist ó thaobh saoránaigh a spreagadh trí Dhíospóireachtaí agus Chomhthionóil na Saoránach.

Mar náisiúin oileánda, cuireann ár saoránaigh peirspictíochtaí uathúla ar fáil do phróiseas na Comhdhála. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an t-ionchur seo le feiceáil sna conclúidí agus sa chlár gníomhaíochta a bheidh le teacht. Tá guth na saoránach agus na ngrúpaí parlaiminteacha trasna na hEorpa lárnach i dtorthaí an phróisis seo.

Tá Éire an-bhuíoch as an dlúthpháirtíocht sheasta a léirigh Málta d’Éirinn trí phróiseas an Bhreatimeachta, anuas ar thuiscint Mhálta dár gcoinníollacha leithleacha.

Ar an dul céanna, rinneamar ár seacht ndícheall dlúthpháirtíocht a thaispeáint do Mhálta maidir leis na hathruithe suntasacha atá os comhair na tíre mar Stát ar an líne thosaigh atá ag dul i ngleic le brú imirceach.

Rinneamar iarracht foghlaim ó Mhálta agus ó thíortha eile na Meánmhara ar an mbealach is fearr le cuidiú. D’aithníomar conas dlúthpháirtíocht a léiriú trí rannpháirtíocht san obair thábhachtach ar an aistriú agus trí fháilte go hÉirinn a chur roimh dhaoine a thuirling i Málta ó mhisiúin chuardaigh agus tarrthála.

Tá ceist na himirce fós ina dúshlán ollmhór, agus is cinnte gur freagracht mhorálta í don Eoraip ar fad, agus caithfear dul i ngleic léi ar bhonn práinne. Murach sin, leanfar le fir, mná agus páistí de gach aois a chailleadh de bharr trasbhealaí contúirteacha go dtí an AE.

Tacaíonn Éire go hiomlán le hiarrachtaí an AE le dul i ngleic le ceist na himirce ar bhealach cuimsitheach agus iomlánaíoch, trí chomhoibriú le tíortha tábhachtacha eile. Leanaimid linn mar rannpháirtí cuiditheach do Mhálta agus é ag cuardach réiteach inbhuanaithe, ina measc comhaontú idir BhallStáit atá bunaithe ar chothromaíocht idir an dlúthpháirtíocht agus an bhfreagracht.

Táim ag dúil go mór agus mé anseo i Málta le mo chuairt ar cheanncheathrú Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Tearmann, a bhfuil níos mó tábhachta anois ná riamh ag baint lena cuid oibre.

Ó thaobh ceannaireachta ar leibhéal idirnáisiúnta de, bhí mé an-sásta a fhoghlaim ón Uachtarán Vella faoina phleananna don chruinniú Arraiolos i Málta níos déanaí i mbliana. Is deis thráthúil í seo le plé a dhéanamh ar go leor forbairtí agus dushláin mhóra don Eoraip agus don phobal idirnáisiúnta.

Cuirfidh mé críoch leis seo le tagairt a dhéanamh do na naisc rathúla idir ár muintir. Mar shampla, tá borradh faoinár nascanna ardoideachais, comhar Erasmus+ nua san áireamh, sínithe in 2021 le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. Tá tograí taighde iontacha eile ar na bacáin freisin i bhfoirm thionscnamh Horizon 2020 ‘GoGreenRoutes’, le cathracha i Luimneach in Éirinn agus Gzira i Málta luaite. Tugaim faoi deara freisin go bhfuil naisc láidre á dtógáil idir ár dtionscal scannán le líon áirithe scannán Éireannach le taispeáint i Málta i mbliana.

Le machnamh déanta ar na naisc éagsúla seo, thug mé cuireadh don Uachtarán Vella agus dá bhean Miriam Villa lena gCuairt Stáit féin a thabhairt ar Éirinn le tógáil ar an méid a baineadh amach in Málta an tseachtain seo.

Gabhaim mo bhuíochas arís leis an Uachtarán Vella. Is pléisiúr é dom an Chuairt Stáit seo a thabhairt ar Mhálta agus ceiliúradh a dhéanamh ar an gcairdeas láidir, seanbhunaithe idir ár ndá thír.