Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas tar éis cruinniú idir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus A Shoilse Uachtarán na Poblachta Heilléanaí

Dáta: Déa 16th Ean, 2020 | 12:56

Inniu, Déardaoin 16 Eanáir 2020, chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáilte roimh A Shoilse, Uachtarán na Poblachta Heilléanaí, Prokopios Pavlopoulos, chuig Áras an Uachtaráin.

Thar ceann mhuintir na hÉireann, chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh an Uachtarán Pavlopoulos go hÉirinn agus ghlac sé buíochas leis as a cheannaireacht agus a thacaíocht d’Éirinn.  

Ba é seo an ceathrú cruinniú idir an bheirt Cheann Stáit. Bhuail an bheirt Cheann le chéile roimhe seo san Aithin, le linn Chuairt Stáit an Uachtaráin Uí Uigínn ar an nGréig i mí Feabhra 2018 agus san Aithin i mí Dheireadh Fómhair 2019, nuair a thug an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc céimiúil Arastatail in Agora ársa na cathrach, ar cuireadh ón Uachtarán Pavlopoulos.  

Le linn a gcruinnithe, tharraing an tUachtarán Ó hUigínn aird ar an gcairdeas fada buan idir ár muintireacha agus ar an iliomad nasc cultúrtha, eacnamaíochta agus sóisialta idir an dá náisiún. Labhair an tUachtarán ar cheannródaíocht na hÉireann agus na Gréige maidir le haisghabháil suime na Stát Eorpach sa tábhacht a bhaineann le saothar cultúrtha agus intleachtúil a d’fhéadfaí a roinnt eadrainn.  

Le linn a gcruinnithe, lean an bheirt Uachtarán leis an bplé a bhí acu roimhe seo ar raon leathan ceisteanna a bhain leis an mbeirt, ina measc an caidreamh déthaobhach idir an Ghréig agus Éire, impleachtaí imeacht na Breataine as an AE agus a bhfuil i ndán do lánpháirtiú na hEorpa.

Rinne na hUachtaráin machnamh ar cheannairí nua Pharlaimint na hEorpa agus Choimisiún na hEorpa, agus ar an ngá le hathrú treo maidir le tuiscint ar an mbeartas eacnamaíochta agus ar a chleachtas.

Dhírigh an plé chomh maith ar thábhacht an chomhoibrithe dhlúith idir Baile Átha Cliath agus an Aithin maidir le bearta chun dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda is práinní, an t-athrú aeráide, an éagothroime, an bhochtaineacht, an choimhlint fhoréigneach agus an imirce ina measc.  

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn béim ar an tábhacht a bhaineann le rath eacnamaíochta a cheangal le comhtháthú agus dlúthpháirtíocht shóisialta laistigh agus idir tíortha, ar an ngá leis an daonlathas mhachnamhach a dhoimhniú agus ar an suntas a bhaineann le bearta chun tuiscint níos fearr ar an bpolaitíocht agus an eacnamaíocht a chur chun cinn i measc shaoránaigh na hEorpa, a mbeadh rogha níos oscailte agus níos iolraíche mar thoradh orthu, agus daonlathas níos láidre dá bharr.