Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ó Áras an Uachtaráin i ndiaidh cruinniú idir an tUachtarán Ó hUigínn agus iar-Uachtarán na Colóime, a Shoilse Juan Manue

Dáta: Déa 15th Sam, 2018 | 17:13

Inniu, Déardaoin 15 Samhain 2018, chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáilte roimh iar-Uachtarán na Colóime, A Shoilse, Juan Manuel Santos, buaiteoir Dhuais Nobel na Síochána agus fear ar bronnadh Gradam Idirnáisiúnta na Síochána Thiobraid Árann air, chuig Áras an Uachtaráin.

Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis bualadh leis an iar-Uachtarán Santos ar roinnt ócáidí, mí Aibreán na bliana seo san áireamh ag Cruinniú Ardleibhéil na Náisiún Aontaithe faoi Shíocháin a Chothú agus a Bhuanú, agus i bhFeabhra 2017 le linn Chuairt Oifigiúil an Uachtaráin ar an gColóim.

Ag cruinniú an lae inniu, phléigh an bheirt cheannairí raon leathan ceisteanna a raibh suim acu beirt iontu, na dúshláin roimh na próisis síochána in Éirinn agus sa Cholóim ina measc.  Labhair siad ar feadh tamaill mhaith, freisin, faoi phróiseas Brexit, faoi na dúshláin a bhaineann le dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce neamhdheonaí idirnáisiúnta, agus faoi na céimeanna is gá le dul i ngleic go héifeachtúil leis an athrú aeráide, leis an gcoimhlint fhoréigneach agus leis an méadú san éagothroime.  

Ghlac an tUachtarán Ó hUigínn buíochas leis an iar-Uachtarán Santos as a cheannaireacht shármhaith agus deireadh á chur aige le coimhlint armtha 50 bliain sa Cholóim, a bhfuil an iliomad daoine básaithe dá bharr.  

Dhírigh an plé ar an gcomhoibriú atá ag fás idir Éire agus an Cholóim, agus chuir sé béim ar an ngá atá lena chinntiú go gcuirfidh an borradh faoin rath eacnamaíochta sa dá thír le comhtháthú sóisialta agus le dlúthpháirtíocht níos fearr.