Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas tar éis an chruinnithe idir an tUachtarán Ó hUigínn agus Uachtarán Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine

Dáta: Céa 27th Dei, 2021 | 15:00

Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáilte roimh Uachtarán Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, Frank-Walter Steinmeier, a bhí á thionlacan ag a bhean chéile Elke Büdenbender, Uasal, in Áras an Uachtaráin inniu, a chuir tús le Cuairt Stáit trí lá an Uachtaráin Steinmeier ar Éirinn.
 
Tar éis fáilte dheasghnách, bhí cruinniú déthaobhach idir an bheirt Cheann Stáit. Tar éis an chruinnithe bhuail an tUachtarán Steinmeier Clog na Síochána agus chuir sé crann darach Gaelach i dtailte Áras an Uachtaráin.
 
Ag a gcruinniú agus le linn fháilte an Uachtaráin Uí Uigínn roimh an Uachtarán Steinmeier go hÉirinn, tharraing sé aird ar na ceangail láidre – stairiúla, chultúrtha, eacnamaíochta agus chairdis – a nascann an dá thír agus a muintireacha lena chéile. 
 
Lean an plé idir an bheirt Uachtarán lena raibh á rá acu ag cruinniú an ‘Ghrúpa Arraiolos’ de Cheanna Stáit na hEorpa le gairid i mí Mheán Fómhair sa Róimh. I measc na dtopaicí a bhí á bplé ag an mbeirt Uachtarán bhí:

  • an t-oiriúnú iar-COVID san Eoraip agus an clár vacsaínithe domhanda , go háirithe san Afraic agus sa domhan atá i mbéal forbartha;
  • todhchaí na hEorpa agus an gá le comhtháthú sóisialta agus le comhrá níos fearr;
  • naisc oideachasúla agus chultúrtha idir an dá thír a fhorbairt a thuilleadh;
  • an t-athrú aeráide agus Comhdháil Athrú Aeráide COP 26 na NA atá ar tí tarlú;
  • bagairtí reatha don síocháin dhomhanda, tábhacht an iltaobhachais agus ról an Stáit;
  • an Afganastáin agus an tubaiste bia atá roimpi tar éis thuarascáil na Náisiún Aontaithe le gairid.

Bhí suim ar leith sna comhráite sa cheist a bhaineann le cosaint agus cur chun cinn na dteangacha réigiúnacha san Aontas Eorpach. 
 
Ghlac an tUachtarán Ó hUigínn buíochas leis an nGearmáin as a tacaíocht le linn na hidirbheartaíochta a bhain le Brexit le gairid, go háirithe maidir le prótacal Thuaisceart Éireann. Pléadh, freisin, an tábhacht a bhaineann le tógáil ar an gcaidreamh láidir idir an dá thír sa tréimhse i ndiaidh Brexit.
 
Fillfidh an tUachtarán Steinmeier agus a bhean chéile Elke Büdenbender ar Áras an Uachtaráin tráthnóna le haghaidh Dinnéar Stáit ina n-onóir, a bheidh á óstáil ag an Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn. Beidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ina gcuideachta, freisin, ar roinnt coinní i mBaile Átha Cliath, Gaillimh agus Luimneach le linn a gCuairt Stáit.
 
Tá cuairt an Uachtaráin Steinmeier ag leanúint ar Chuairt Stáit an Uachtarán Uí Uigínn ar an nGearmáin i mí Iúil 2019, nuair a thug an tUachtarán cuairt ar cheithre stát Ghearmánacha, lena n-áirítear príomhchathair na cónaidhme, Beirlín, Frankfurt in Hesse, Würzburg sa Bhaváir agus Leipzig na Sacsaine.