Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ag fáiltiú roimh athghníomhachtú Thionól Thuaisceart Éireann

Dáta: Sat 3rd Fea, 2024 | 15:55

"Cuirfidh gach duine ar mian leo córas éifeachtach roinnte cumhachta a fheiceáil fáilte roimh athghníomhachtú Thionól Thuaisceart Éireann inniu.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Edwin Poots as a thoghchán mar Ceann Comhairle an Tionóil agus gach rath a ghuí air sa ról.

Ba mhaith liom ardmheas a chur ar Michelle O'Neill ar a hainmniúchán mar Chéad-Aire agus ar Emma Little-Pengelly ar a hainmniúchán mar LeasChéad-Aire agus gach dea-ghuí a chur in iúl don bheirt acu sna freagrachtaí atá orthu.

Ba iad óráidí an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire ba shuntasaí ina gcuimsiú, ina gcroíúlacht agus ina mian dul i ngleic leis na cúraimí praiticiúla tábhachtacha ar fad a bheidh rompu. Tugann an fonn comhroinnte soiléir seo oibriú le chéile an chuid is fearr de na hionchais do na hinstitiúidí freastal ar na daoine go léir agus freastal ar a riachtanais éagsúla.

Guím gach rath ar an gCéad-Aire, ar an LeasChéad-Aire agus ar a nAirí ina róil nua san obair atá os a gcomhair agus muid ag breathnú chun cinn ar athbhunú iomlán institiúidí uile an Rialtais chineachta.

Traoslaím libh uilig agus guídhim gach beannacht don todhchaí.”