Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn chun Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha a chomóradh, 21 Feabhra

Dáta: Céa 20th Fea, 2019 | 18:05

“Inniu, ar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha, i mBliain Idirnáisiúnta na dTeangacha Dúchasacha, iarrtar orainn machnamh a dhéanamh ar ríthábhacht na dteangacha.

Ba cheart go mb’ábhar mór buartha dúinn go bhfuil an díothú i ndán do theangacha dúchasacha agus do na córais chasta eolais agus céille iontu ar fud an domhain.

Tá sé measta ag an Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) go bhfuil 600 teanga díothaithe le linn an chéid seo caite agus go gcailleann an domhan teanga eile uair sa ráithe ar an meán.

I mbliana, anseo in Éirinn, agus bunú ár ndaonlathais chomh maith leis na heachtraí ba chúis le bunú ár neamhspleáchais náisiúnta céad bliain ó shin á gcomóradh againn, is ceart dúinn aird a tharraingt ar thábhacht ár dteangacha dár bhféiniúlacht, dár gcomhtháthú agus dár bhforbairt náisiúnta.  

Tugann ár dteangacha léargas ar cé muid féin mar náisiún, agus ní hamháin go dtugann na focail a roghnaímid léargas ar ár bhfís den domhan thar timpeall orainn - domhan atá go síoraí ag athrú - ach múnlaíonn siad freisin í. Ceadaíonn ár dteanga dúinn a bheith inár rannpháirtithe san athrú sin, seachas a bheith inár n-íospartaigh.

Shocraigh na Náisiúin Aontaithe an 21 Feabhra mar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha, chun na hagóidí in Dhaka ar an lá sin in 1952 a chomóradh, agóidí in aghaidh eisiamh Bangla mar cheann de theangacha oifigiúla na Pacastáine Thoir, mar a tugadh an t-am sin uirthi. Tá cuid mhaith samplaí inár stair féin den chaoi ar féidir go mbeadh an éagóir agus an coimhthíos ina thoradh ainnis ar shéanadh chearta an duine a theanga féin a úsáid, sa chás nár ceadaíodh cúisimh choiriúlachta in aghaidh duine a chosaint.

Inniu, cuirimis cumhacht na teanga agus an saibhreas a thagann as an éagsúlacht chultúrtha agus teanga i gcuimhne dá chéile. Bainimis leas as an éagsúlacht sin chun comhrá, comhthuiscint, nuálaíocht, samhlaíocht agus cruthaitheacht a spreagadh.  

Agus Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha de chuid na Náisiún Aontaithe á chomóradh againn, geallaimis dá chéile meas a thabhairt do chumhacht na bhfocal agus na teanga daoine a chumasú seachas a eisiamh, a leigheas seachas a ghortú.”

 

 

NÓTAÍ:

 

 

  • D’fhógair Comhdháil Ghinearálta Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha i mí na Samhna 1999, agus coimeádadh é gach bliain ó Feabhra 2000, chun éagsúlacht teanga agus chultúir agus an breisteangachas a chur chun cinn.
     
  • Tiomnaíodh an bhliain 2019 mar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha, chun béim a chur ar an ról ríthábhachtach atá ag teangacha i gcinntiú na héagsúlachta cultúrtha agus an chomhrá idirchultúrtha.
     
  • Tá ar a laghad 43% den 6,000 teanga mheasta ar domhan i mbaol.  Níl ach cúpla céad teanga ann a bhfuil áit tugtha i gceart dóibh i gcórais oideachais agus sa réimse poiblí, agus tá níos lú ná céad díobh a mbaintear úsáid astu sa saol digiteach. Tá 40 faoin gcéad de phobal an domhain nach bhfuil teacht acu ar an oideachas i dteanga a labhraíonn siad nó a dtuigeann siad. Measann na Náisiúin Aontaithe go n-éagann teanga amháin gach coicís, agus go n-imíonn oidhreacht iomlán chultúrtha agus intleachtúil léi.