Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUiginn – An Leift.-Ghinearál Bill Callaghan

Dáta: Dom 27th Nol, 2015 | 18:45

D’eisigh Uachtarán na hÉireann an ráiteas seo a leanas ar bhás an Leifteanaint-Ghinearáil  William "Bill" Callaghan.

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh an Leifteanant-Ghinearál Bill Callaghan. 

Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá chlann. Agus is ceart agus is cuí go gcuirfinnse, Uachtarán na hÉireann, in iúl mo bhuíochas as a sheirbhís don tír seo agus don phobal idirnáisiúnta. 

Bhí ról céimiúil ag an Leifteanant-Ghinearál Callaghan mar cheannasaí ar fhórsaí na Náisiún Aontaithe sa Mheán-Oirthear. Thug daoine a bhí ag obair ar son na síochána idirnáisiúnta aitheantas dá thiomantas diongbháilte agus an tsíocháin agus an rathúnas á gcur chun cinn aige sa Mheán-Oirthear, agus dá cheannasaíocht ar feadh a ghairmréime. Tharraing a thaca lándaingean don dlí idirnáisiúnta agus don chomhoibriú ilpháirteach meas óna chomhpháirtithe ar fud an domhain.

Is mór an oidhreacht atá fágtha aige, ní hamháin ag na fórsaí armtha, ach acu siúd uile atá ag obair ar son na síochána idirnáisiúnta.”