Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar an socrú maidir le grán chun cabhrú le slándáil bhia a ndearna na NA idirbheartaíocht air.

Dáta: hAo 22nd Iúi, 2022 | 18:06

"Cuirim fáilte roimh shíniú an tsocraithe in Iostanbúl inniu a ndearna na NA idirbheartaíocht ina leith chun grán a iompar go sábháilte ar loingeas ó chalafoirt na hÚcráine a éascú. Cuirfidh siad siúd uile, ní hamháin sa Chéinia, sa tSomáil agus san Aetóip, ach saoránaigh ar fud an domhain nár mhaith leo go gcuirfeadh an t-ionradh reatha borradh dosheachanta faoi ghorta, ocras agus droch-chothú, míle fáilte roimh shocrú sin na NA cead a thabhairt na milliúin tonna gráin a easpórtáil chuig Corn na hAfraice, atá ag brath go mór ar ghrán ón Úcráin agus ón Rúis. 

Tá ár dtacaíocht tuillte ag tionscnaimh le deireanas, leithéid United For Global Food Security na Gearmáine, agus tá sé rí-thábhachtach go mbeidh freagairt dhóthanach ar an achainí mhór a sheol na NA.
Go deimhin, ag am a bhfuil Cúnamh Forbartha á ghearradh siar ag an oiread sin deontóirí tá sé le tabhairt faoi deara gurb iad na tíortha beaga atá ceannródaíoch maidir le freagairt ar an $4.4 billiún atá ag teastáil anois, ach ar beag an tacaíocht atá aige.  Mar shampla, tá Éire ar an seachtú tír is mó a rinne deonú don Chiste Práinnfhreagartha Lárnach de chuid na NA.

Tá sé in am acu siúd a bhfuil an acmhainn is mó acu dea-shampla na dtíortha beaga a leanúint. Tar éis an tsaoil, is tíortha dá leithéidí a bhfuil an méid is mó astaíochta táirgthe acu agus é mar thoradh air sin tá fairsingiú fásaigh déanta ar thailte tíortha arb iad is lú atá freagrach as dó ár bpláinéid.  Mar shampla, cé go bhfuil 2.5 faoin gcéad den phobal domhanda ina gcónaí sa Chéinia, sa tSomáil agus san Aetóip lena chéile, ní eisíonn siad ach 0.1 faoin gcéad d’astaíocht charbóin eatarthu.
Tá léas dóchais ann inniu, ní hamháin maidir le ceisteanna crua faoi shlándáil bhia, ach chomh maith leis sin maidir le ról ríthábhachtach na Náisiún Aontaithe agus iad ag tabhairt aghaidh ar thionscnaimh agus cuirtear fáilte roimhe sin."