Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar an mbagairt ar an Amasóin de bharr reachtaíochta i dTeach na dTeachtaí Brasaíleach

Dáta: hAo 2nd Mei, 2023 | 17:12

"Tá sé ríthábhachtach go dtuigfear cad go díreach atá i gceist leis an reachtaíocht, bille 490, a chuir Teach na dTeachtaí sa Bhrasaíl i bhfeidhm an tseachtain seo – gníomh a chuireann an cine daonna é féin i mbaol, san am atá i láthair agus amach anseo. 
 
Tá an bille seo, a cheadóidh tógáil bóithre, an mhianadóireacht agus an dífhoraoisiú san Amasóin, chomh maith le coimhlint dhíreach le daoine dúchasacha, ar an tubaiste is contúirtí don ghluaiseacht idirnáisiúnta athraithe aeráide. 
 
Toghadh Luiz Inácio Lula da Silva mar Uachtarán agus sainordú sonrach aige chun deireadh a chur le léirscrios na hAmasóine. Is casimirt dhíreach é seo ina aghaidh acu siúd atá den tuairim nach fiú an daonlathas agus gur chóir go mbeadh a bhfiontar pearsanta chun tosaigh. 
 
Is dúshlán é seo anois atá os comhair Cheanna Stáit agus Rialtais i ngach áit, le taispeáint cá luíonn siad maidir leis an mbagairt is mó ar an daonlathas – is í sin gnímh neamhshrianta, neamhrialaithe na mífhreagrach. 
 
Tá na gnímh seo ag scriosadh na hAmasóine agus ag cur bheatha na ndaoine dúchasacha atá á caomhnú go mór i mbaol. Tá ár dtacaíocht seasta tuillte ag na daoine dúchasacha seo, atá an deireadh seachtaine seo ag comóradh bhás bheirt fheachtasóirí – Bruno Pereira agus Dom Philips, a dúnmharaíodh bliain ó shin ar an 5 Meitheamh 2022.
 
Ba chóir dúinn tacaíocht láidir a chloisteáil don Uachtarán Lula da Silva ón Aontas Eorpach, ón Aontas Afracach agus ó na haontais eile ar fad atá mar chuid de chonarthaí idirnáisiúnta chun an daonnacht a shábháil.
 
Ní hé seo an t-am le bheith inár dtost, agus ní foláir díreach tabhairt faoi deara nach bhfuil lucht tacaíochta an léirscriosta seo ag teacht le hUachtarán tofa. 
 
Tá dífhoraoisiú déanta ar deich faoin gcéad den Amasóin, agus tá bóithre móra á dtógáil le freastal ar thionscadal mianadóireachta chomh maith le foirmeacha eile de tháirgeacht talmhaíochta. 

Tá an Bhrasaíl freagrach as níos mó ná trí chúigiú de fhoraois na hAmasóine agus is í an Bhrasaíl a d’fhulaing tromlach na dífhoraoisiú, leathmhilliún ciliméadar cearnach. 
 
Is dúshlán díreach é gníomh Theachta na dTeachtaí, ní hamháin don Uachtarán tofa ach do mhuintir na rialtas ar fad sa cheantar máguaird atá tar éis a bheith i mbun idirbheartaíochta le straitéis chaomhnaithe chomhroinnte a chur i bhfeidhm. 

Cén chaoi eile ar féidir breithiúnas a dhéanamh ar an méid a thit amach ach mar choir in aghaidh na daonnachta? Éistimid leis na guthanna atá go daingean ar son chosaint an dlí idirnáisiúnta agus cearta daonna."