Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar an gCrith Talún san Afganastáin

Dáta: Céa 22nd Mei, 2022 | 18:40

"Thar ceann mhuintir na hÉireann ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl tar éis dom a chloisteáil faoin scrios a rinne an crith talún ar maidin in oirthear na hAfganastáine.

Ba mhaith liom mo chomhbhrón a dhéanamh ar son mhuintir na hÉireann le muintir na hAfganastáine.  Táim ag smaoineamh ar theaghlaigh na ndaoine sin a bhásaigh, orthu siúd a gortaíodh agus orthu siúd a chaill a dtithe. 

Tá an tragóid seo tagtha ag am an-dúshlánach don Afganastáin agus gorta dian roimh na milliúin Afganastánach lena n-áirítear ar a laghad 20,000 duine atá ina gcónaí faoi chúinsí slándála bia atá tubaisteach.   

Tá soláthar cúnaimh dhaonnúil mhéadaithe níos riachtanaí ná riamh anois. Táim sásta go dtabharfaidh Cúnamh Éireann aghaidh ar an gcás chun tacaíocht a thabhairt do na pobail atá buailte ag an tragóid sin.  Beidh sé sin sa bhreis ar na cistí atá curtha ina n-áit i ngníomhaireachtaí na NA atá réidh le freagairt chomh maith le maoiniú a leithdháileadh cheana go díreach ar na páirtithe ar an talamh le haghaidh fóirithint dhaonnúil san Afganastáin."