Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoi bhás Tommy Peoples

Dáta: Dom 5th Lún, 2018 | 09:48

Tá Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn tar éis a chomhbhrón a chur in iúl do chlann agus do chairde an cheoltóra, Tommy Peoples.


“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Tommy Peoples, an cumadóir ceoil agus seinnteoir fidle cáiliúil as Dún na nGall.

Bhí sé aitheanta mar mháistir ar a cheird, agus mheall sé lucht éisteachta sa bhaile agus thar lear lena stíl cheoil uathúil, agus sheinn sé le Banna Céilí Chill Fhionnúrach, leis an Bothy Band agus leis an iliomad daoine eile mór le rá i saol an cheoil dhúchasaigh Éireannaigh.  

Tá sé le rá faoi Tommy gur bhain sé dhá Ghradam TG4, mar Cheoltóir Traidisiúnta na Bliana in 1998 agus mar Chumadóir na Bliana in 2013, éacht nár sáraíodh roimhe sin ná ina dhiaidh. Bhí grá mór aige don Ghaeilge, agus mheas sé gur chuid an-tábhachtach de shaol na hÉireann a bhí inti.

Tá cuimhne thaitneamach agam, mar aon le daoine go leor eile, ar Tommy mar chara thar na scórtha blianta agus aireoimid uainn go mór é.

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí chuig a chlann, a chairde agus chucu siúd go léir a raibh aithne acu air.


Ar dheis Dé go raibh a anam”