Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Statement by President Higgins on the death of Tom Murphy

Dáta: Céa 16th Bea, 2018 | 00:37

"Ba chúis mhór bhróin domsa agus do Shaidhbhín a chloisteáil gur bhásaigh Tom Murphy.

Tá tábhacht shuntasach as cuimse ag baint le hionchur Tom Murphy san amharclannaíocht in Éirinn. Ón am a chuir Tom Murphy a chéad saothar ar fáil sna 1960idí, níor cuireadh cnuasach teangan níos fearr ar fáil don stáitse.  

Bhain a chuid téamaí ní hamháin leis na gnéithe sin a raibh tionchar acu ar eisint an Éireannachais, amhail an imirce, an gorta agus an caillteanas ach bhí gné uilíoch ina gcumhacht.  

Ón am ar thosaigh sé ag scríobh i dTuaim i leith, chuir sé cnuasach uathúil a bhí go minic gríosaitheach ar fáil. Thar aon ní eile, ba dhrámadóir an eisimirceora a bhí ann, agus léirigh sé, níos fearr ná aon duine, an neamhbhuaine atá i gcroílár  thaithí an imirceora ar bhealach cruthaitheach agus coscrach.  

Ba chúis mhór áthais bualadh le Tom go minic thar na blianta, agus cúis áthais ar leith dúinne a raibh sé de phribhléid againn é a bheith ina chara.

Ba chúis áthais dom torc Aosdána a bhronnadh ar Tom ina bhaile in 2017, aitheantas mór óna chomghleacaithe as a inniúlacht mar scríbhneoir.

Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá bhean Jane agus do Mary, Bennan, Johnny, Nell agus a gclanna siúd agus dá chairde go léir. Aireoidh mé uaim go mór é, agus aireoimidne go léir, a raibh sé de phribhléid againn aithne a bheith againn air, uainn é.