Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas an Uachtaráin Uí Uigínn ar bhás Tom Finlay

Dáta: Lua 4th Nol, 2017 | 11:40

 “Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Tom Finlay, iar-Phríomh-Bhreitheamh, ball oirirce den bharra, iar-Theachta Dála agus ball den Chomhairle Stáit.

Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl dá chlann agus dá chairde, agus buíochas a ghlacadh ar son an náisiúin as a ndearna sé don saol poiblí i réimsí éagsúla.

Mar bhall den Chúirt Uachtarach, agus go deimhin mar Theachta Dála, rinne sé cion fir sa tseirbhís phoiblí, agus chosain sé an Bunreacht go láidir agus a chuid forálacha maidir leis an bpribhléid pharlaiminteach agus le cearta na saoránach.”