Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Thomas O’Halloran

Dáta: hAo 19th Lún, 2022 | 14:16

“Thar ceann mhuintir na hÉireann, is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le teaghlach Thomas O’Halloran, a cailleadh i gcúinsí tragóideacha an tseachtain seo, leis an bpobal Éireannach i Londain a raibh sé ina bhall de, agus le cách i Londain agus in Éirinn a raibh aithne acu. Ní féidir liom suaitheadh a theaghlaigh agus a chairde a shamhlú, agus is mian liom mo chomhbhrón a dhéanamh leo go léir. 

Is féidir liom an brón atá á bhfulaingt acu a roinnt. Tá sé thar a bheith deacair tuiscint a fháil ar cén fáth agus ar conas gur féidir le coir thromchúiseach tarlú do dhuine altrúíoch a raibh an-chion go deo ag a phobal in Greenford air.

Ba mhaith liom Thomas a mholadh as an bhflaithiúlacht agus as an gcineáltas a léirigh sé le linn a shaoil, anuas ar a bhua ceoil a roinn sé go toilteanach, a d’úsáid sé le tacú leis na daoine atá ag fulaingt de bharr an scéil san Úcráin. 

Tá súil agam go mbeidh muintir agus cairde Thomas in ann neart a tharraingt ón oidhreacht chineáltais a d’fhág sé ina dhiaidh don phobail Éireannach sa Bhreatain, a raibh sé ina bhall dó ar feadh tréimhse fhada. Déanaim féin agus Saidhbhín comhbhrón ó chroí le muintir Thomas.
 
Suaimhneas síoraí dó.

Ar dheis Dé go raibh a anam lách."