Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn maidir le bás Thomas Kilroy

Dáta: Lua 11th Nol, 2023 | 14:47

"B'údar bróin domsa féin agus do Sabina a fháil amach go bhfuil an drámadóir mór le rá ar chomhalta d'Aosdána é, Thomas Kilroy tar éis bás a fháil.  

Is mar dhuine de na drámadóirí ba shuntasaí den ghlúin sin ina raibh Brian Friel, Tom Murphy agus go leor eile ina measc, a chuimhneofar Thomas.  Sin í an ghlúin a rinne nuachóiriú ar amharclannaíocht na hÉireann tríd an obair a rinne seisean le hAmharclann na Mainistreach, agus mar bhunaitheoir ceannródaíoch i dteannta le daoine a raibh fís acu ar nós Stephen Rea, ón Field Day Theatre Company. Tá sé tábhachtach freisin go gcuimhneofar ar Thomás mar úrscéalaí den scoth, agus an diansmacht ó thaobh ceirde de atá le feiceáil sa leabhar aige 'The Big Chapel', ar leabhar é is misniúil an téama ann agus a bhí ar an ngearrliosta do Dhuais Leabhair Booker.

Maidir le drámaí Thomas Kilroy, idir na saothair bhunaidh agus na saothair chóirithe araon, ní raibh faitíos air teorainneacha a shárú iontu, agus ceisteanna sóisialta á scrúdú aige, rud nach ndéanfaí go forleathan don lucht féachana in amharclannaíocht na hÉireann roimhe sin.  Is féidir a lua "The Death and Resurrection of Mr. Roche" mar shampla de sin, is dócha, atá ar cheann de na drámaí Éireannacha a bhfuil carachtar aerach lárnach ann.

Sna saothair a rinne sé níos déanaí ina shaol, idir shaothair bhunaidh agus chóirithe, ba shuntasach an léargas, ar bhealach ar leith, a rinne sé trí mheath uaisle na talún in Éirinn a léiriú mar mhacasamhlú den úrscéal Rúiseach agus saothar leithéidí Chekhov.

Mar úrscéalaí nó mar chomhghleacaí luachmhar in OÉG, chuir Thomas go mór lena chuid teagaisc agus obair chriticiúil, lena n-áirítear breis agus deich mbliana mar Ollamh le Béarla in Ollscoil na Gaillimhe ó 1978 go 1989.

Cuireadh fáilte, le déanaí, i dteannta lena chuid scríbhneoireachta a raibh sé ag tabhairt faoi, roimh cuimhní cinn Thomáis ar róil a thuismitheoirí féin ar Chogadh na Saoirse, agus ar bhlianta tosaigh an Stáit nua, rud a chuir leis na cuimhní atá nochta ag an oiread sin daoine le deich mbliana anuas.

Ba dhlúthchara liomsa agus le Sabrina é Thomas Kilroy síos na blianta, go gcuirimid ár gcomhbhrón ó chroí le Julia, lena chlann, a chairde, a chomharsana agus a chomhghleacaithe.

Suimhneas síoraí da anam uasal."