Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Teddy McCarthy

Dáta: Céa 7th Mei, 2023 | 15:15

Is mian liom mo dhlúthpháirtíocht a chur in iúl le muintir Chorcaí, le muintir an CLG agus le daoine eile nach iad atá ag caoineadh bhás luath Teddy McCarthy.
 
Beidh áit lárnach ag Teddy McCarthy go deo i stair spóirt na hÉireann, agus é mar an t-aon imreoir riamh le craobh iomána agus peile uile-Éireann a bhuachan in aon bhliain amháin. Tá an chuma ar an scéal, de réir a chéile, go bhfuil sé níos dóchúla ná riamh ndéanfar aithris ar a ghaisce iontach i 1900 go brách.
 
Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le hOonagh, lena pháistí Cian, Niall agus Sinéad, agus leo siúd ar fad in CLG Corcaigh atá ag caoineadh a bháis, agus lena theaghlach agus lena chairde go léir.