Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoi bhás Sheán Treacy

Dáta: Dom 25th Már, 2018 | 09:46

“Chuir sé an-bhrón orm a chloisteáil go raibh Seán Treacy, parlaiminteoir mór le rá agus iar-chomhghleacaí liom féin i bPáirtí an Lucht Oibre, imithe ar shlí na fírinne.

Bhí an-ómós do Sheán as ucht na seirbhíse a thug sé sa saol poiblí ar feadh beagnach leathchéad bliain. Le linn na tréimhse sin, chaith sé ceithre théarma mar Cheann Comhairle ar Dháil Éireann, áit a raibh an-mheas ag teachtaí ó gach taobh air mar gur thug sé cothrom na Féinne do chách agus go raibh an-eolas aige ar na nósanna imeachta parlaiminteacha. Ar feadh na mblianta, threoraigh sé mórán toscaireachtaí parlaiminteacha thar lear thar ceann Dháil Éireann, toscaireachtaí a chothaigh caidreamh polaitiúil luachmhar ar fud an domhain. Chomh maith leis sin, threoraigh sé mórán leasuithe i nDáil Éireann le linn na 1990idí. I measc na leasuithe sin bhí imeachtaí Thithe an Oireachtais a chraoladh ar an teilifís, tionscnamh a bhí misniúil ag an am ach tionscnamh a raibh an-rath air.

 

Bhí Seán, a thosaigh a shaol oibre ag obair sa mhonarcha bróg i gCluain Meala, an mhórtasach as a bheith ag déanamh ionadaíochta ar son mhuintir Thiobraid Árann Theas. Ba é a mhian i gcónaí cearta na ndaoine ba leochailí ina dháilcheantar a chosaint agus a chur chun cinn. Bhí sé ina Mhéara ar Chluain Meala, ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, ina chomhalta de Chomhairle Contae Thiobraid Árann Theas agus de Bhardas Chluain Meala.

 

Tá mórán cuimhní agam ar Sheán mar chomhghleacaí i rith mo shaoil sa pholaitíocht agus déanann Sabina agus mé féin fíor-chomhbhrón lena chlann agus lena chairde agus leo siúd go léir a raibh aithne acu air.”