Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Sheáin Keane

Dáta: Lua 8th Bea, 2023 | 16:35

"Is faoi scamall bróin a chloisfidh lucht leanúna an cheoil Éireannaigh agus na n-ealaíon traidisiúnta fud fad na cruinne faoi bhás Sheáin Keane.

Chuir tallann Sheáin mar sheinnteoir fidil ríméad ar go leor daoine agus bhí meas ag lucht éisteachta ar fud an domhain air.

Bhí scil agus rímháistreacht cheoil ar leith aige, agus ba mhór an tionchar a bhí aige ar cheoltóirí ar fud na n-ealaíon. Is cinnte, gur rinneadh cur síos ar Sheán mar “cheoltóir an cheoltóra”. Cuimhneofar ar a oidhreacht fhlaithiúil ar feadh na mblianta.

Táimid go mór faoi chomaoin ag Taisce Cheol Dúchais Éireann as taifid a choinneáil de cheol Sheáin, agus a chinnteoidh go mairfidh a oidhreacht tríd na cianta.

Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena pháistí, Páraic, Deirdre agus Darach, agus lena gharpháistí, lena teaghlach, lena chairde in The Chieftains agus lena ghrúpa mór cairde agus comhghleacaithe ceoil."