Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Shéamuis Uí Bheaglaoich

Dáta: Mái 10th Ean, 2023 | 14:36

Beidh an-bhrón ar an lucht a dtaitníonn ceol na hÉireann leo ar fud an domhain a chloistin faoi bhás Shéamuis Uí Bheaglaoich. 

Cuimhneofar ar Shéamus mar dhuine de na boscadóirí is fearr in Éirinn chomh maith lena bheith ina amhránaí álainn.   D'fhás sé aníos i dteaghlach a raibh ceol traidisiúnta na hÉireann go smior ann i mBaile na bPoc i gCorca Dhuibhne agus ní hamháin gur thug sé leis ceol a mhuintire sna taifid agus  sna taispeántais a rinne sé ach léirigh sé eolas ar an gceol i bhfad i gcéin chomh maith.

Óna albaim luatha lena dheirfiúr Máire ar cuireadh tús leo 50 bliain ó shin go dtí an chéim mhór a thóg sé i gcomhar le Steve Cooney ar an albam 'Meitheal', agus san iliomad saothar eile dá chuid, lena n-áirítear comhoibriu lé Jim Murray agus Tim Edey, tá oidhreacht bhuan an cheoil fágtha aige dúinn. 

Bhí sé de phléisiúr agam féin agus Saidhbhín cuireadh a thabhairt do Shéamus chuig Áras an Uachtaráin chun ceol a sheinm agus i measc na n-ócáidí bhí Dinnéar Stáit a cuireadh ar bun in onóir Rí agus Bhanríon na hÍsiltíre i mí an Mheithimh 2019, ócáid a raibh a iníon Méabh ag canadh leis i gcuideachta Donogh Hennessy ar an ngiotár.

Ach an oiread le gach duine a raibh aithne acu ar Shéamus , cuimhneofar air as a bhua, a chairdiúlacht agus a spraoi, a chuaigh i bhfeidhm go mór orthu siúd go léir ar bhuail sé leo.

Aireofar go mór uainn é.

Déanaim comhbhrón ó chroí lena bhean Mary, lena chlann Breandán, Eoin, Niall agus Méabh, lena mhuintir agus lena chiorcal leathan cairde agus a chomhghleacaithe ceoil.