Statement by President Higgins on the death of Sylvia Meehan
Dáta: Déa 6th Meá, 2018 | 17:47
“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Sylvia Meehan, ceardchumannaí agus gníomhaí i ngluaiseacht na mban agus feachtasóir ar son chearta an duine.
Is oidhreacht bhuan a bheidh ina cuid oibre ceannródaíche ar an gcothroime san oideachas agus san fhostaíocht.
Agus í ar an gcéad Phríomhfheidhmeannach ar an nGníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta bhí ról lárnach aici i gcur i bhfeidhm an Achta um Chomhionannas Fostaíochta.
Le linn a saoil, sháraigh Sylvia Meehan go leor dúshlán, agus bhí sin ina feachtasóir diongbháilte ar son chearta na n-oibrithe, agus í meáite ar chuimsiú agus ar chumasú na mban, na seandaoine agus gach aicme leochailí sa tsochaí a chur chun cinn.
Bhí a fuinneamh, a fís agus a spleodar dírithe ar shochaí na hÉireann a dhéanamh níos cumasaithe, níos feasaí agus níos fáiltí.
Déanaimse, agus Saidhbhín, comhbhrón ó chroí lena clann agus lena cairde.”