Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás an Ollaimh John A. Murphy

Dáta: Mái 1st Már, 2022 | 16:47

"Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh an staraí Éireannach, an tOllamh Emeritus le Stair i gColáiste na Ollscoile, Corcaigh, Iar-Sheanadóir agus dlúthchara, an tOllamh John A. A. Murphy.
 
Is le cúis mhór bhróin a chloisfidh cuid mhaith daoine trasna na réimsí acadúla agus polaitíochta faoi bhás John. 
 
Bhí John ar cheann dár staraithe agus ár gcumarsáidíthe ba thallannaí a rinne cion fir ar leith ar son fheasacht an phobail ar ghnéithe polaitiúla, stairiúla agus cultúrtha ár sochaí.
 
Bhí ionchur uathúil ag John A. Murphy ina shaothar ceannródaíoch agus dátheangach agus an stair á tabhairt aige chuig lucht éisteachta nua trí mheán na teilifíse. Rinne sé amhlaidh le misneach agus le greann.
 
Rinne John ionadaíocht do thoghcheantar Ollscoil na hÉireann i Seanad na hÉireann, agus cuimhneoidh siad siúd go léir air, a raibh sé de phribhléid acu oibriú leis, mar Sheanadóir cúirtéiseach, an-eolach agus prionsabálta.
 
Déanaim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí lena chlann, agus leo siúd go léir a roinn seimineáir leis thar na blianta, le foireann agus le mic léinn Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a raibh an oiread geana aige orthu agus a ndearna sé cúram díobh, agus le muintir Chorcaí agus le daoine níos faide ó bhaile a gcuirfidh a bhás isteach go mór orthu.
 
Suaimhneas síoraí dá anam dílis.”