Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Peadar O'Dowd
Dáta: Dom 7th Ean, 2024 | 18:06
"Chuala mé le brón faoi bhás staraí áitiúla na Gaillimhe, Peadar O'Dowd.
Bhí Peadar O'Dowd go mór chun tosaigh sa stair áitiúla, rud a thug a léargais luachmhara ar an réimse poiblí go fial lena cholúin shiamsúla i bpáipéir áitiúla na Gaillimhe le 30 bliain anuas.
Tar éis go leor leabhar a fhoilsiú ar ghnéithe éagsúla de stair na Gaillimhe, shaibhrigh eolas Pheadair ar oidhreacht agus stair áitiúla a phobal agus is oidhreacht í a mhairfidh ar feadh na nglúnta atá le teacht.
I measc na rudaí ba luachmhaire a rinne Peadar bhí an grá a bhí aige ar feadh a shaoil do chanálacha, rud a d'fhág gur éirigh leis na canálacha a chaomhnú ar fud chathair na Gaillimhe agus ar féidir linn ar fad a bheith chomh buíoch as.
Ba mhaith liom mo chomhbhrón a dhéanamh lena bhean Mary, lena dheartháireacha Willie agus Martin, agus lena mhuintir, lena chairde agus lena chomhghleacaithe go léir ó hInstitúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo agus ó Chumann Seandálaíochta agus Staire na Gaillimhe."