Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoi bhás Patsy Dan Mac Ruairí

Dáta: Sat 20th Dei, 2018 | 10:59

“Cuirfear brón ar gach duine a bhfuil grá aige nó aici do chultúr agus do theanga na nGael ar chloisteáil dóibh gur bhásaigh Patsy Dan Mac Ruairí, Rí Thoraí agus fear a raibh meas mór air mar urlabhraí ar son mhuintir oileáin na hÉireann.

Bhí a ghrá do Thoraigh agus a phobal le feiceáil go soiléir ina chuid ealaíne agus ina fheachtais, agus b’ambasadóir den scoth é ag an oileán agus é ag cur fáilte roimh an saol agus a mháthair. 

Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá bhean Caitlín agus dá gceathrar clainne, do phobal iomlán Thoraí agus dóibh siúd go léir a bhfuil meas acu ar an gcultúr Gaelach.”