Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás an Tiarna David Trimble

Dáta: Lua 25th Iúi, 2022 | 21:00

Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom mo bhrón domhain ar bhás David Trimble, iarChéad-Aire Thuaisceart Éireann agus iar-Cheannaire Pháirtí Aontachtach Uladh, a chur in iúl. Thar ceann Shaidhbhín agus ar mo shon féin, déanaim comhbhrón ó chroí le Daphne Bean Trimble, agus le muintir, cairde agus comhghleacaithe David. 

Cuimhneofar ar an Tiarna David Trimble as an saol a chaith sé i mbun seirbhíse poiblí, agus dar ndóigh mar gheall ar an mbaint an-mhór a bhí aige le hobair na síochána ar ár n-oileán. 

Tugadh aitheantas don obair seo nuair a bronnadh Duais Nobel na Síochána air, agus ar John Hume, tar éis dóibh Comhaontú Aoine an Chéasta a shíniú beagnach 25 bliana ó shin. 

Tá áit faoi leith tuillte ag David Trimble inár leabhair staire as a thiomantas agus a mhisneach, go minic le linn tréimhsí dúshlánacha. Fágann a obair oidhreacht ársa ina dhiaidh ar riachtanas agus ar luach na síochána ar ár n-oileán roinnte do ghlúnta na todhchaí.