Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Liam Cosgrave

Dáta: Céa 4th Dei, 2017 | 21:43

I gcomhartha ómóis a d’eisigh sé inniu don Iar-Thaoiseach Liam Cosgrave, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:

"Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Liam Cosgrave, Iar-Thaoiseach, Iar-Aire, Iar-Cheannaire Páirtí agus comhalta luachmhar den Chomhairle Stáit.  
 
Cuimhneofar ar Liam Cosgrave ní hamháin mar Aire Rialtais éifeachtach ach mar Thaoiseach a raibh ar a chumas seasmhacht comhrialtais ilpháirtí a bhuachan agus a dhaingniú.   
 
I measc na nithe ba shuntasaí  a bhain sé amach bhí a chuid oibre mar Aire Gnóthaí Eachtracha, nuair a d’éirigh le hÉirinn dul isteach sna Náisiúin Aontaithe in 1955, agus le linn an ama sin mhúnlaigh sé glór neamhspleách na hÉireann ar an ardán domhanda.  
 
Meabhraíonn a chuid focal ar an ócáid sin dúinn, go dtí an lá atá inniu ann, an ról tábhachtach agus an glór ar leith atá ag ár náisiún ar cheisteanna domhanda, amhail an dí-armáil, coimeád na síochána, cearta an duine agus an fhorbairt, nuair a dúirt sé gur cheart d’Éirinn a háit a ghlacadh “in the comity of nations and do our part to secure what small nations have always required, the maintenance of peace” .   
 
Bhí  Liam Cosgrave tiomanta d’fhreastal  ar mhuintir na hÉireann lena chuid fuinnimh, paisin agus intleachta uile. Agus é ar scor, ba bhreá leis a bheith i measc na ndaoine ag ócáidí stáit nó ag cluichí spóirt agus is ceart go dtabharfaimis moladh dó as an méid suntasach atá déanta aige d’Éirinn.  
 
Ba mhaith le Saidhbhín agus liom féin ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá chlann Mary, Liam agus Ciarán, do theaghlach Cosgrave, agus dá chiorcal leathan cairde.”