Statement by President Higgins on the death of Laura Brennan
Dáta: Céa 20th Már, 2019 | 20:15
Chuir scéala báis Laura Brennan an-bhrón orm.
Chuaigh Laura i gcion ar chuid mhaith daoine lena cuid feachtasaíochta, agus bhí tionchar dearfach nach beag aici ar an iliomad ban óg ar fud na tíre de bharr a cuid oibre mar urlabhraí ar son othar.
Thar ceann mhuintir na hÉireann, cuirim mo chomhbhrón chuig a clann agus a cairde agus chucu siúd go léir a roinn a turas saoil le Laura Brennan.