Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Lynsey Bennett

Dáta: Sat 29th Dei, 2022 | 14:57

“Beidh brón ar dhaoine fud fad na hÉireann a chloisteáil gur bhásaigh Lynsey Bennett.

Beidh cuimhne ag cách a d’fhéach ar na hagallaimh a rinneadh le Lynsey agus an léiriú a soláthraíodh den chineál mná a bhí inti, bean óg stuama, a raibh a grá cumhachtach dá hiníonacha Zoë and Hailee, agus a neart pearsanta agus í ag dul in aghaidh na ndúshlán a bhí roimpi, mar spreagadh aici i gcónaí.

Thug sí faoin méid a bhí roimpi le diongbháilteacht agus le misneach, agus bhí agus beidh, a hiarrachtaí ar son na mban, agus ar an gcaoi sin, ar mhaithe linn ar fad. 

Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le Zoë agus le Hailee, lena hathair Coote, lena deirfiúracha agus lena muintir agus lena cairde go léir."