Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Statement by President Higgins on the death of Kevin Higgins

Dáta: Céa 11th Ean, 2023 | 13:29

“Is cúis mhór bhróin a bheidh ann dóibh siúd go léir a raibh aithne acu ar an bhfile Kevin Higgins, go pearsanta nó trína chuid filíochta, ar chloisteáil dóibh gur bhásaigh sé. É cróga agus ag scríobh mar a bhí sé go dtí an deireadh.

B'fhile a bhí ann a léigh saothar raon an-leathan filí ó thíortha éagsúla a bhí ag scríobh i mBéarla agus i nGaeilge.  I measc a shaothair bhí an t-ábhar a d'fhoilsigh Salmon Poetry i gcnuasaigh amhail ‘The Boy With No Face’, ‘Time Gentlemen, Please’, ‘Frightening New Furniture’, ‘The Ghost In The Lobby’ agus ‘Sex and Death at Merlin Park Hospital’; b'ábhar comhaimseartha luachmhar a bhí iontu a raibh neamhbhailbhe ag baint leo a bhí gan trócaire ach nach ndearna íobairt de dhánta dea-shaoirsithe. 

D'oibrigh sé i gcomhar lena pháirtí scríbhneoireachta, Susan Millar DuMars, ar shlí ina raibh siad beirt ag comhoibriú go dosháraithe chun ionchur a dhéanamh sna healaíona trína gcuid scríbhneoireachta.

Go deimhin, nílim ábalta smaoineamh ar aon duine a rinne an oiread sin chun meas an phobail ar an bhfilíocht agus taitneamh aisti a chur chun cinn, cás a dhéanamh ar son na filíochta taibhithe, agus a spreag daoine eile le léamh go fairsing, agus go háirithe dánta a chruthú agus meabhair a bhaint astu ina saol.  Bhí sé fial leis an iliomad daoine trína cheardlanna filíochta, trí chomórtais filíochta agus trí ranganna scríbhneoireachta cruthaithí in Ionad Ealaíne na Gaillimhe, ITGM agus Ollscoil na Gaillimhe.

Beidh dea-chuimhne ag na daoine sin a d'aimsigh aoibhneas trí rannpháirtíocht in 'Over The Edge’, sraith léimh oscailte a dhírigh ar scríbhneoirí nua a chur chun cinn. Agus é ina fhile cónaithe in Ospidéal Pháirc Mhuirlinne, chabhraigh sé leis an iliomad othar, a muintir agus an fhoireann a saol féin a chur faoi chaibidil agus a roinnt.

Ba leis an eite chlé a bhí a chreideamh go soiléir, ach níor leasc leis an bhearna a aithint idir sin a bhí á lorg agus an teip, dar leis, sna hiarrachtaí chun sin a sholáthar go praiticiúil ar mhaithe le gach duine i ndomhan athraithe.

Maidir linne a raibh aithne againn air thar na scórtha bliain, níl duine ar bith nach n-aontódh gur dhuine mealltach agus cara mór a bhí ann nach raibh riamh leadránach.

Léirítear duine daonna an-domhain, a raibh bua na bhfocal agus lánmhisneach aige, agus ar mhaith leis go mbeadh a leithéid ag cách dóibh féin.

Aireoidh go leor daoine uathu é, ar shiúl i bhfad ó Ghaillimh.

Déanaim comhbhrón ó chroí lena chomhpháirtí sna focail agus ina gcumhacht, Susan, lena mhuintir agus lena chiorcal leathan cairde."