Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoi bhás John Mulcahy
Dáta: Lua 10th Meá, 2018 | 10:07
"Is le dobrón a chuala mé féin agus Saidhbhín faoi bhás John Mulcahy.
Pearsa aitheanta i bhfoilsitheoireacht na hÉireann a bhí ann, mar eagarthóir ar Hibernia, mar bhunaitheoir Phoenix Magazine agus The Irish Arts Review, agus bhí ionchur an-mhór agus nuálach aige i smaointeoireacht chriticiúil agus aeistéitiúil in Éirinn.
Agus mé ag scríobh chuig John níos luaithe an tseachtain seo, thug mé chun cuimhne an ról a bhí aige i gcoimisiúnú léirmheasanna leabhar, a raibh teidil thábhachtacha nó eicléictiúla orthu, agus a chuir le hioncam acadóirí óga. Ghlac mé buíochas leis as an tacaíocht a thug sé d’obair intinne ar an iliomad bealaí.
Déanaimid comhbhrón lena bhean Nuala agus lena chlann Nick, Michael, Stephen, Brigid, Jack, Hugh agus Aengus as a gcaillteanas."