Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás John Bruton

Dáta: Mái 6th Fea, 2024 | 12:31

"Chuir sé an-bhrón orm cloisteáil faoi bhás bhall na Comhairle Stáit agus an iarThaoisigh, John Bruton.
 
Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena bhean chéile, Finola, lena chlann Matthew, Juliana, Emily agus Mary-Elizabeth, agus lena mhuintir ar fad.

Ba phribhléid a bhí ann domsa a bheith i mo bhall de Dháil Éireann agus den Rialtas in éineacht le John, go háirithe, nuair a bhí sé ina Thaoiseach fuinniúil idir 1994-1997.

Bhí John Bruton ina pholaiteoir díograiseach, a léirigh spéis dhomhain i gcúrsaí poiblí agus sa tseirbhís don phobal, ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta.
 
Le linn a théarma mar Thaoiseach, d’imir sé tionchar ollmhór ar phróiseas síochána Thuaisceart Éireann. Thug sé faoin obair seo le cáiréis agus le cur chuige tuisceanach ar an gcuimsiú agus meas don uile dhuine.

Bhí a mhaoirseacht, in éineacht le John Major, ar fhorbairt Chomhaid na Creatlaí Coitinn i 1995 mar bhunchloch thábhachtach do thógáil Chomhaontú Aoine an Chéasta. 
 
Ba theist ar a spéis pholaitiúil í an bhéim a leag John Bruton ar na ceisteanna áitiúla le linn a théarma mar Thaoiseach - go sonrach na ceisteanna leanúnacha i dtaobh Thuaisceart Éireann. Bhí sé i gcónaí ag cur pholaitíocht an Aontais Eorpaigh chun cinn. Léiríodh é seo trína obair leanúnach in oifig an Taoisigh ar son lánpháirtíochta ar fud na hEorpa.  

Ina ról mar Ambasadóir an Aontais Eorpaigh chun na Stát Aontaithe idir 2004 agus 2009, chuidigh sé le sainmhíniú an róil sin a mhúnlú i rith tréimhse dhúshlánach sa chaidreamh idir an AE agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Fear oscailte agus neamhbhalbh, bhí féith láidir ghrinn ag John, tréith phearsanta a d’éascaigh dó comhoibriú a dhéanamh le cách. Chreid sé go láidir nár cheart do mhionrudaí cur isteach ar bhunriachtanais tábhachtacha an tsaoil. 

Cuimhneoidh sinne a d’oibrigh le John, sa Rialtas nó sa Fhreasúra, ar an mbeocht a chuir sé i ngnéithe éagsúla na polaitíochta. 

Lean John leis an gcleachtas seo agus é ag cur go fuinniúil leis an díospóireacht phoiblí tar éis dó imeacht ón oifig. Sna róil ar fad a ghlac sé le linn a shaoil, ba thréith í seo a shíl mé a bhí uathúil agus a raibh mé an-cheanúil go deo uirthi. 

Is iad ceisteanna éagsúla don Chomhairle Stáit is deireanaí a labhraíomar fúthu, dualgas a chomhlíon sé go dtí an deireadh. 

Cé go raibh an bheirt againn airdeallach i gcónaí go raibh deighilt idé-eolaíoch eadrainn, ba mhinic a chuireamar críoch lenár gcomhráite le gáire croíúil - gáire a mbeidh cuimhne mhaith againne ar fad air. 

Cuimhneofar go ceanúil ar John agus aireofar go mór a ionchur sa díospóireacht phoiblí."