Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoi bhás Jimmy Reardon

Dáta: Déa 20th Mei, 2019 | 17:05

“Is cúis bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Jimmy Reardon, Oilimpeach agus ceannródaí spóirt.

Ní hamháin go raibh Jimmy Reardon ar dhuine de 83 ionadaí as Éirinn ag na chéad chluichí Oilimpeacha i ndiaidh an chogaidh i Londain in 1948, ach bhí sé ar an gcéad lúthchleasaí le freastal ar Ollscoil Villanova ar scoláireacht lúthchleasaíochta, agus ba é a chuir tús le “Píblíne Éireannach”de lúthchleasaithe a raibh gealladh fúthu a thaistil chuig na Stáit Aontaithe chun a dtallanna a fhorbairt.

Bhain sé amach a churiarrachtaí pearsanta a mbeadh sé deacair iad fós a shárú sa lá atá inniu ann, agus bhí Jimmy Reardon ina cheannródaí ar lúthchleasaithe na hÉireann, agus dá bharr sin tá idir  lúthchleasaithe, a dteaghlaigh agus a lucht tacaíochta, chomh maith le muintir na hÉireann faoi chomaoin aige.

Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá chlann, dá chairde agus dá iar-chomhghleacaithe.”