Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Jim Eadie

Dáta: Mái 6th Nol, 2022 | 19:53

"Beidh brón ar bhaill ghluaiseacht na gceardchumann ar chloisteáil dóibh faoi bhás Jim Eadie, an chéad oifigeach lánaimseartha de chuid an NUJ in Éirinn. 

Óna cheapachán mar chéad Eagraí Éireannach an chumainn i 1966 suas chomh fada le 1994 nuair a d’imigh sé ar scor óna ról mar Rúnaí Éireannach NUJ, agus níos faide fós, bhí Jim mar chrann taca d’fhás bhallraíocht an chumainn agus throid sé go daingean ar son coinníollacha oibre iriseoirí fud fad na hÉireann, obair atá níos ábhartha anois ná riamh. 

Tá sé suntasach go raibh an NUJ, faoina cheannasaíocht, mar an chéad chumann sa Stát le ceart máithreachais a thaisceadh ó ghrúpa fostóirí. Chuir sé go mór freisin le hoiliúint glúnta iriseoirí le bheith mar Chathaoirleach Choiste na hÉireann de chuid Chomhairle Náisiúnta Thraenáil na nIriseoirí.   

Cuimhneofar air as ucht a thiomantais dá bhaill agus saolré caite i mbun ghníomhachas na gceardchumann. 

Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena bhean chéile Bridie, agus lena chlann Deirdre, Caroline, Colm agus James.”