Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Javier Pérez de Cuéllar

Dáta: Déa 5th Már, 2020 | 10:33

Beidh brón orthu siúd go léir a bhfuil meas acu ar obair na Náisiún Aontaithe agus a thacaíonn lena gcuid oibre ar chloisteáil dóibh go bhfuil bás faighte ag Javier Pérez de Cuéllar, iarArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus iarPhríomh-Aire Pheiriú.

Tar éis dó freastal mar dhuine de na taidhleoirí ab airde stádas de chuid Pheiriú - a d’fhreastail ar an gcéad Chomhthionól de na NA in 1946 agus a bhí ina Uachtarán ar Chomhairle Slándála na NA araon – ceapadh an t-uasal de Cuéllar ina Ard-Rúnaí ar na NA in 1981, an chéad Mheiriceánach Laidineach a bhí sa phost sin.

Iarradh air a bheith i gceannas ar na Náisiúin Aontaithe le linn tréimhse ina raibh deighilt mhór, coimhlint fhoréigneach idirnáisiúnta, gorta agus bochtaineacht dhomhanda a bhí ag leathnú amach.

Chuir a dhá théarma in oifig go mór le neartú cháil agus thionchar na Náisiún Aontaithe mar an bpríomhfhóram domhanda i dtaca leis an tsíocháin, an iltaobhachas agus an réiteach coinbhleachta. Cuimhneofar go speisialta air as a ionchur tábhachtach agus deireadh á chur le raon coinbhleachtaí, ina measc iad siúd in El Salvador, in Nicearagua, sa Chambóid, san Afganastáin agus san Iaráic-Iaráin.

Faoina cheannaireacht, bronnadh Duais Nobel na Síochána 1988 ar choimeádaithe síochána na NA, agus scríobh Pérez de Cuéllar é féin go raibh gabháil an neamhspleáchais ag an Namaib ar cheann dá chuid éachtaí ba mhó.

Síocháin shíoraí dó.