Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas an Uachtaráin Uí Uigínn ar bhás Gharech de Brún

Dáta: Lua 12th Már, 2018 | 10:58

“Beidh dreach brónach ar na daoine sin a bhfuil suim acu i léiriú agus i dtaifeadadh cheol, fhilíocht agus amhráin na hÉireann ar chloisteáil dóibh gur bhásaigh Garech de Brún. 

Chaith sé an chuid is mó dá shaol ina chónaí i Log an Lá, áit a dtugadh sé cuireadh do dhaoine go leor ón mbaile agus thar lear dul i mbun cumadóireachta, leithéid Sheáin Uí Riada, agus do dhaoine teacht chun éisteacht le ceol na hÉireann, idir ársa agus chomhaimseartha. Bhí sé ina phátrún spreagúil ag cumadóirí, cruitirí, aisteoirí scannáin, agus foilsitheoirí. 

Bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar Ceirníní Cladaigh in éineacht le Ivor Browne.  

Aireoidh a chomharsana agus a chairde go mór uathu.”