Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás an Athar Jack Finucane

Dáta: Déa 8th Mei, 2017 | 13:32

Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil faoi bhás Jack Finucane, sagart, daonnúlach agus comhbhunaitheoir ceann de na hEagraíochtaí Neamhrialtasacha is mó in Éirinn, Concern.

Bhí Jack, agus a dheartháir nach maireann, an tAthair Aengus Finucane ina bpearsana spreagúla i measc an ghrúpa mhóir daoine in Éirinn a bhfuil meas acu ar thábhacht an spioraid dhaonnúil agus arb iad an spiorad  sin ina steillbheatha. Ba ghlór leithleach iad agus tá saothar a saoil fágtha mar oidhreacht fhíor, dhearfach agus bhuan ina ndiaidh i dtaca leis na milliúin duine ar fud an domhain, agus chomh maith leis sin chuir siad le cáil na hÉireann sa chiall is fearr.

Bhí sé de phribhléid agam bualadh le Jack Finucane sa tSomáil le linn an Ghorta, agus ar an iliomad ócáid ó shin.

B’eiseamláir a bhí ina thiomantas don bhonn eiticiúil faoi phrionsabail na daonnúlachta agus dá gcur i bhfeidhm go praiticiúil. Is dea-theist bhuan ar gach atá go maith faoin gcine daonna atá i dtiomantas Jack Finucane ar feadh a shaoil do dhínit chuid de na daoine is boichte agus is imeallaithe ar domhan, agus is eiseamláir freisin é sa chaoi go n-iarrann sé orainn gan neamhaird a dhéanamh dár ndúshláin reatha maidir le hocras agus le bochtaineacht ar fud an domhain.

Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá mhuintir, dá chomhghleacaithe agus dá chiorcal leathan cairde, chomh maith leo siúd go léir a d’oibrigh leis agus a d’airigh a phearsantacht ghnaíúil.