Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás an Athar Des Wilson

Dáta: Céa 6th Sam, 2019 | 12:35

Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil faoi bhás an Athar Des Wilson.

Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá chlann agus dá chairde, agus buíochas a ghlacadh leis an Athair Des Wilson as an saol a chaith sé i mbun seirbhíse tiomanta, é spreagtha ag a fhís fhlaithiúil d’Éirinn nua, níos cuimsithí, níos síochánta agus níos fáiltiúla.  

Le linn a shaol oibre, thuill an tAthair Wilson an-mheas de bharr a chuid gníomhaíochais ar son chearta na ndaoine, a chuid oibre gan staonadh san oideachas pobail imeasctha agus i gcur chun cinn cearta sibhialta.

Bhí sé ar a shuaimhneas ag obair trí Ghaeilge agus trí Bhéarla araon agus thug cuid mhór daoine ‘fíorlaoch na ndaoine’ ar an Athair Des Wilson.

Ní raibh fuacht ná faitíos ar an Athair Wilson dúshlán na n-údarás ar gach taobh a thabhairt agus é i mbun oibre i ndul chun cinn na bpobal.

Mar gheall ar bhua na cothroime agus an chuibhis a bhain leis, cuireadh glaoch air, in éineacht leis an Athair Gerry Reynolds agus an Athair Alex Reid, chun cuidiú leis na comhráite a raibh sos cogaidh an IRA mar thoradh orthu a chothú.

Síocháin shíoraí dá anam lách.