Ráiteas an Uachtaráin Ó hUigínn ar bhás iar-Uachtaráin na Fraince, Jaques Chriac
Dáta: Déa 26th Meá, 2019 | 18:09
Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Iar-Uachtarán na Fraince, Jaques Chirac.
Bhí tionchar suntasach aige mar pholaiteoir agus státaire le linn a ghairmréim fhada sa tseirbhís phoiblí ar feadh dhá scór bliain. Mar Uachtarán na Fraince bhí ról iomráiteach ag Jacques Chirac ar feadh ceann de na tréimhsí ba thábhachtaí i stair na hEorpa le gairid.
Ba chara dil le hÉirinn a bhí ann agus thug sé cuairt ar ár dtír roinnt uaireanta agus d’oibrigh sé chun ár gcaidreamh láidir cairdis bhuain a chur chun cinn.
Mar Uachtarán na hÉireann, cuirim mo chomhbhrón ó chroí in iúl dá chlann agus do mhuintir na Fraince.